top of page

Conas Míreadóir a úsáid mar Fhoclóir Ríme

Apr 26

2 min read

0

31

0

Feidhmchlár gréasáin is ea é Míreadóir (mireadoir.ie) a ligeann don úsáideoir cuardach solúbtha a dhéanamh ar fhotheaghráin (míreanna focal) sa Ghaeilge. Má roghnaíonn tú “Regex” mar chineál cuardaigh, gheobhaidh tú focail le foircinn éagsúla a dhéanann rím nó a dhéanann rím nach mór leis an fhocal cuardaithe. Seo samplaí gur féidir leat a chóipeáil agus a ghreamú isteach sa bhosca cuardaigh. Is féidir leat na fotheaghráin a mhalartú ansin.

NB: Agus ceist Regex agat, is cuma má roghnaíonn tú “meaits páirteach” nó “meaits cruinn” faoi “An Sórt Meaits”. 

 

Patrúin Ríme:

  1. Deireadh:

Chun focail a chríochnaíonn le ú, adh,  odh, a fháil, is féidir leat an patrún Regex thíos a úsáid:

.*(ú|adh|odh)$

 

Tabhair faoi deara go dtosaíonn an slonn seo le lán stad.

Is féidir leat na roghanna seo a mhalartú, nó is féidir leat cur leo le | agus deireadh focal eile. Is féidir leat rímeanna páirteacha a sheiceáil sa dóigh chéanna.

 

Míniú:

  • .* – tagann sé le cibé líon carachtar roimh dheireadh an fhocail.

  • (ú|adh|odh) – grúpa a thagann le ceann de na deirí.

  • $ – a thaispeánann deireadh an fhocail.



  1. Tús agus Deireadh:

Mar shampla, chun meaits a fháil ar gach focal

  • A thosaíonn le mo

agus

  • A chríochnaíonn le ú, adh, nó odh

Is féidir leat na coinníollacha araon a chur le chéile in aon Regex amháin:

^mo.*(ú|adh|odh)$

 

Míniú:

  • ^mo – tosaíonn an focal le "mo"

  • .* – d’fhéadfaí cibé líon carachtar a bheith i láthair i lár an fhocail.

  • (ú|adh|odh) – críochnaíonn an focal le deireadh amháin roghnaithe anseo.

  • $ – deireadh an fhocail



  1. Fotheaghráin sonraithe eile san fhocal

Chun focail a aimsiú

  • A thosaíonn le rud ar bith

  • A bhfuil an fotheaghrán “ar” le feiceáil áit ar bith san fhocal.

  • A chríochnaíonn le ú, adh, or odh

 

Is féidir leat an chéad Regex eile anseo a chur in oiriúint:

 

^.*ar.*(ú|adh|odh)$



Gnéithe Breise:


  1. Réimíreanna

Gné eile atá á uasdátú i Míreadóir ná an cumas focail a aimsiú a bhfuil an iarmhír chéanna acu agus a bhfuil ciall ghaolmhar acu dá bharr. Tá 538 iarmhír aitheanta ar Teanglann.ie, agus más maith leat líosta de na hiarmhíreanna a bheith agat go dtí gur féidir leat téarmaí gaolmhara ar an tsuíomh a fheiceáil, níl ort ach an cuardach seo a dhéanamh:





  1. Aimsigh gach focal le fad ar leith

 

Más maith leat focail a bhfuil fad ar leith acu, is féidir leat líon litreacha a shonrú mar a thaispeántar thíos. Aisghabhann na sloinn rialta seo gach focal le cúig litir:

 

Gan shaincharachtair:

^[a-zA-Z]{5}$

 

Le síntí fada:

^[a-zA-ZáéíóúÁÉÍÓÚ]{5}$

 

*Tá sé mar aidhm ar deireadh thiar ag Míreadóir a bheith ábalta cuardach de réir líon siolla a dhéanamh chomh maith.

 


Related Posts

Comments

Share Your ThoughtsBe the first to write a comment.

Now in Collaboration with
The Rhine Valley Irish Association, Strasbourg

Untitled design.png

Logo Provided By Ellen Corbett. GRMMA, a chara!

Stay Updated

Subscribe to our news letter

Téigh i dteagmháil linn/contact us: clubanfhainne@gmail.com

Go raibh míle maith agat!​​

bottom of page